Skip to main content Skip to secondary navigation

An Tionól

Is de bhunadh na hÉireann breis is 70 milliún duine ar fud an domhain.  Tugann Tionól na hÉireann 2013 an leithscéal foirfe le cuireadh abhaile a thabhairt dóibh siúd a d’imigh, dá ngaolta, dá gcairde agus dá sliocht.  

Le linn 2013, osclóidh Éire a lámha do na céadta mílte cairde agus teaghlach ó gach cearn den domhan, ag iarraidh iad a thabhairt abhaile do thionóil i sráidbhailte, bailte agus cathracha.

Beidh tionóil clann, féilte, ócáidí speisialta spóirt, ceol agus ceolchoirmeacha ar siúl ar fud na tíre go léir, ar feadh na bliana ar fad. Léireoidh pobail ar fud na hÉireann scoth an chultúir Éireannaigh, traidisiún, gnó, spórt, spiorad na troda agus tuiscint uathúil spraoi na hÉireann.

Cóisir na ndaoine is ea an Tionól. Déanfar é a cheiliúradh ag tionóil daoine agus ag féilte móra na hÉireann i rith 2013.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Tionóil  do bhreis eolais.