Sa Bhruiséil ar maidin, tháinig an Taoiseach Enda Kenny agus an Tánaiste Eamon Gilmore ar chomhaontú polaitiúil le Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach ar bhuiséad an AE do na seacht mbliana atá romhainn.
Cuirfidh an Taoiseach agus an Tánaiste an comhaontú polaitiúil seo i láthair na mBallstát AE anois le formhuiniú a fháil.
Ag labhairt sa Bhruiséil ar maidin, dúirt an Taoiseach,
Is lá tábhachtach don Eoraip é seo. Sampla is ea ár gcomhaontú polaitiúil ar maidin den AE ag glacadh le dúshlán. Mar a bhfuil creideamh, comhar agus áitiús, éireoidh leis an Eoraip.
Dúirt an Tánaiste, a ghníomhaigh mar phríomhidirbheartaí thar ceann na mBallstát,
Bhí comhaontú a chur i gcrích ar bhuiséad an AE ina thosaíocht ag Uachtaránacht na hÉireann ó thús na hUachtaránachta againne. Comhréiteach cothrom is ea comhaontú polaitiúil an lae inniu ar féidir le gach institiúid tacú leis. Agus é tugtha chun críche, díghlasóidh sé € 960 billiún in infheistíocht i bhfás agus i bpoist sna seacht mbliana atá romhainn.
Ní mór do Bhallstáit an AE an comhaontú a fhormhuiniú anois sula gcuirfear chuig Parlaimint na hEorpa é le vótáil air.
I mí Feabhra seo caite, d'aontaigh an Chomhairle Eorpach ar bhuiséad an AE le haghaidh na seacht mbliana atá romhainn, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI). Tugadh sainordú d'Uachtaránacht na hÉireann ar son na mBallstát comhaontú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.
Is iad an Tánaiste agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, Eamon Gilmore, mar aon leis an Aire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Lucinda Ní Chríodáin, a bhí i gceannas ar an idirbheartaíocht le Parlaimint na hEorpa.
A CHRÍOCH SIN
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter