Dúirt an tAire Gnóthaí Eorpacha, Lucinda Ní Chríodáin TD, inniu gurb éacht stairiúil é aontachas na Cróite leis an Aontas Eorpach, rud a léiríonn an chumhacht chlaochlaitheach atá ag clár oibre AE um méadú.
"Is suaithinseach an rud é go mbeidh an Chróit ar an 28ú ball den Aontas Eorpach Dé Luain, nuair a smaoinímid go raibh an réigiún báite sa chogadh 20 bliain ó shin. Ba mhór an onóir dom bheith i gceannas ar chlár oibre um méadú Uachtaránachta hÉireann ar an AE a bhí mar phríomhthosaíocht againn. Spreagadh mór is ea an Chróit dá comharsana sa réigiún agus go deimhin don Chomhphobal Eorpach ar fad. "
"An taca seo anuraidh thaistil mé chuig Cruinniú Mullaigh na Cróite le haghaidh cainteanna diana a bhí dírithe ar a chinntiú go sroichfeadh an Chróit a cuspóir aontachais agus bhí áthas orm taisteal ann arís an mhí seo caite leis an Uachtarán Ó hUiginn."
"Ba mhaith liom freisin ómós a chur in iúl do Leas-Phríomh-Aire agus Aire Gnóthaí Eachtracha agus Eorpacha na Cróite Vesna Pusiæ agus don Leas-Aire Gnóthaí Eorpacha Joško Klisovic. Táim ag obair go dlúth leis an mbeirt acu le bliain anuas, agus thug a n-iarrachtaí, chomh maith le hiarrachtaí rialtas na Cróite ar fad, nóiméad mór don Chróit agus don Eoraip. Tá mé an-bhródúil as an ról a bhí ag Uachtaránacht na hÉireann sa nóiméad stairiúil sin agus táim ag tnúth le leanúint ar aghaidh leis an gclár oibre um méadú a shaothrú thar ceann an Rialtais agus tacaíocht a thabhairt dó. "
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter