Dé Máirt 2 Iúil: Labhair an Taoiseach le Parlaimint na hEorpa inniu i Strasbourg ar thoradh agus éachtaí Uachtaránacht na hÉireann ar an gComhairle.
Dhírigh an díospóireacht le FPEanna freisin ar an gcomhaontú a chaibidligh Uachtaránacht na hÉireann ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI), clár infheistíochta € 960bn an AE do 2014-2020, roimh vótáil na Parlaiminte ar an CAI Dé Céadaoin.
Ag labhairt dó roimh imeacht dó go Strasbourg, dúirt an Taoiseach:
"Nuair a labhair mé leis an bParlaimint go luath i mí Eanáir, leag mé amach ár dtosaíochtaí ar Chobhsaíocht, Fás agus Poist agus ár dtiomantas oibriú go dlúth leis an bParlaimint i rith na hUachtaránachta againne.
Tá bród orm a rá gur bhain muid amach ma huaillmhianta a leagadh amach inár gclár sé mhí, agus muid ag obair lenár gcomhpháirtithe agus le hinstitiúidí eile an AE, go háirithe leis an bParlaimint seo. Léirigh na torthaí dearfacha uile a baineadh amach gur féidir leis an Eoraip saothar a chur i gcrích dá cuid saoránach.
Scaoilfidh an comhaontú polaitiúil maidir leis an CAI maoiniú do réimse beart chun fás a spreagadh agus chun díriú ar dhífhostaíocht na hóige san AE. Comhaontú maith don Eoraip is ea é agus tá súil agam go dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú dó sa vótáil Dé Céadaoin. "
Roimh an díospóireacht, bhí cruinniú déthaobhach ag an Taoiseach le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Martin Schulz. Tar éis an phlé bhí preasagallamh leis an Taoiseach agus an tUachtarán Schulz.
A CHRÍOCH SIN
Nasc le hUachtaránacht an AE
Lean sinn ar Twitter